Key Facts

23

bliain d'aois nó níos sine

Measúnú ar ioncam teaghlaigh

1

bhliain i do chónaí i réigiún BMW

21

seachtain lánaimseartha nó páirtaimseartha

Dáta

Meán Fómhair go Bealtaine de ghnáth

Céard é an Cúrsa Rochtana? 

Is cúrsa lánaimseartha bliana é an Cúrsa Rochtana a thugann an deis do mhic léinn lánfhásta (23 bliain d’aois nó níos sine an bhliain a chuireann siad tús le cúrsa céime) iad féin a ullmhú, go pearsanta agus go hacadúil, do chúrsa fochéime lánaimseartha trí bliana ar a laghad in Ollscoil na Gaillimhe. 

  • Faigheann mic léinn a chríochnaíonn an Cúrsa Rochtana Dioplóma sa Bhonnstaidéar ó Ollscoil na Gaillimhe.
  • Tá siad incháilithe freisin chun iarratas a dhéanamh ar iontráil dhíreach (tríd an CAO) ar chúrsaí fochéime Ollscoile lánaimseartha.
  • Léigh an treoir do Chlár Bonnstaidéir Rochtana 2023.

Ionad:

Cuirtear ár gcláir ar fáil i dtrí ionad:

  • Gaillimh (An Campas, Ollscoil na Gaillimhe)
  • Tuaim
  • An Cheathrú Rua (Clár For-rochtana dátheangach)

Lean na céimeanna seo a leanas le hiarratas a dhéanamh:

1. Bailigh an t-eolas a bheidh uait e.g. uimhir PSP, uimhir CAO (más cuí), ainmneacha agus sonraí teagmhála 3 mholtóirí (beirt mholtóirí acadúla agus moltóir pearsanta amháin)

2. Beidh deis agat do chuid cáipéisí airgeadais a chur ar aghaidh tar éis duit an fhoirm iarratais a chomhlánú.

3. Seiceáil do bhosca rphoist chun admháil ar d'iarratas a fháil agus lean an t-eolas a thugtar chun do chuid cáipéisí breise a chur isteach.


Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais ar Líne anseo

Is é an spriocdháta d’iarratais an 15 Meán Fómhair 2023

Is féidir d'iarratas a chomhlánú trí Ghaeilge ach Gaeilge a roghnú mar theanga ar an bhfoirm.

Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le hOifig na gClár Rochtana ar rphost access@universityofgalway.ie

Caroline

Caroline Giles |   DLÍ (BCL)

Is mé an chéad duine i mo theaghlach a d’fhreastail ar an ollscoil agus táim sa bhliain dheireanach den chéim sa Dlí Sibhialta in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair agus súil agam leanúint ar aghaidh agus máistreacht a dhéanamh an bhliain seo chugainn. Molaim an tIonad Rochtana go mór agus creidim go láidir nach mbeinn san áit a bhfuilim inniu gan é. Is acmhainn thar a bheith luachmhar é dóibh siúd nár éirigh leo an bealach oideachais traidisiúnta a thabhairt orthu féin.
Tendai

Tendai Muzunze |   Baitsiléir Tráchtála (Eispéireas Domhanda)

Is mac léinn ar an gcúrsa Tráchtála Domhanda mé faoi láthair agus a bhuíochas don oideachas atá á fháil agam anseo in Ollscoil na Gaillimhe, cá bhfios cé na hiontais atá ag fanacht liom tar éis dom mo chéim a bhaint amach...d'fhás mé aníos ag breathnú ar mo mháthair, a d’oibrigh trí phost chun bia a chur ar an mbord. Nuair a fuair sí bás, chaill mé mo bhealach sa saol ach ní dhearna mé dearmad ar an méid a dúirt sí liom go raibh chuile rud agam atá ag teastáil uaim chun rudaí iontacha a bhaint amach. Faoi dheireadh thug mé aird ar a comhairle agus chuir mé isteach ar an gclár ROCHTANA in Ollscoil na Gaillimhe - d’athraigh sé mo shaol go mór.
Jo

Jo Hatfield |   Máistreacht (Fealsúnacht)

Gan an cúrsa rochtana, bheadh an chéad bhliain den BA i bhfad níos deacra agus bheadh níos mó struis orm ná mar a bhí. Leag an rochtain seo bunús láidir le teacht isteach ar shaol na hollscoile, ó bheith eolach ar an gcaoi a gcuirtear léachtaí i láthair go dtí na rudaí simplí ar nós hallaí léachta a aimsiú. Bhí an chéad bhliain i bhfad níos éasca le déileáil leis mar chuir mé eolas ar na scileanna acadúla a bhí agam agus chuir sé in iúl dom nár theip orm ó thaobh na foghlama de.