Faoi láthair cuireann an tIonad Rochtana réimse clár ar fáil atá deartha go sonrach do Mheánscoileanna ar fud Chathair agus Chontae na Gaillimhe. Déantar na cláir áirithe seo a dhearadh i gcomhairle le múinteoirí ó scoileanna atá páirteach sa chlár agus cuirtear in oiriúint iad chun go bhfaighidh na mic léinn blaiseadh dearfach den Ollscoil agus den saol ar an gcampas ar bhonn éifeachtach.

Is é príomhchuspóir na gclár seo taithí chairdiúil agus fháilteach a thabhairt do mhic léinn agus iad a chumasú, ar bhealach a chuirfidh ar a gcumas teagmháil oscailte a dhéanamh le foireann na hOllscoile agus leis an gcampas. Cruthaíonn an taithí seo deis chun tacú leis an obair a dhéantar i Meánscoileanna agus cuireann sé le cumas na mac léinn tabhairt faoi shaol acadúil in OÉ Gaillimh.

Seo a leanas an dá chlár a chuireann an tIonad Rochtana ar fáil: Clár na Sraithe Sinsearaí & Foráil don tSraith Shóisearach.

Cuireann Clár na Sraithe Sinsearaí  Seimineár Scileanna Staidéir don tSraith Shinsearach ar fáil ar an gcampas mar aon le Lá Taithí. Beidh an lá seo roinnte ina dhá chuid:

  • Cuid 1: Clár Scileanna Staidéir leis an Dr Mary Surlis
  • Cuid 2: Léargas struchtúrtha a thabhairt do mhic léinn dara leibhéal (ina rogha réimse spéise ) ar na Coláistí Ollscoile éagsúla in OÉ Gaillimh

Roimh an ócáid ​​seo labhraíonn na múinteoirí leis na mic léinn faoina rogha cúrsa is fearr leo agus cuirtear i ngrúpaí iad le bualadh leis an dámh agus cuairt a thabhairt ar na Coláistí.

Cuirtear an Clár don tStraith Shóisearach ar fáil do mhic léinn an Teastais Shóisearaigh agus do mic léinn na hIdirbhliana. Eagraítear ócáid lae in OÉ Gaillimh le linn Sheachtain Feasachta Coláiste. Roinntear an lá ina dhá chuid:

  • Cuid 1: díreoidh muid go sonrach ar Eolas i dtaca le Coláiste/Gairm Bheatha agus ar an rogha ábhar don tsraith shinsearach (Téama = Ollscoil a Mhíniú).
  • Cuid 2: cuirfear Meantóirí i láthair : Fochéimithe reatha a thabharfaidh léargas ar a gcúrsaí agus ar an taithí ollscoile do na mic léinn

Glacann an tIonad Rochtana páirt freisin i seisiúin eolais scoilbhunaithe a chur ar fáil do thuismitheoirí sula ndéantar iarratas ar an CAO i Scoileanna (ar iarratas) agus sna cuir i láthair HEAR a dhéantar (ar iarratas).