-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
- Cúrsaí
- Foirgnimh & Eastáit
- Seirbhísí do Mhic Léinn
- Cumainn na Mac Léinn
- Oifig an Uachtaráin Ionaid & Meabhránaí
- Láithreán na Foirne
- An tIonad Forbartha Gairmeacha
- Lá Oscailte Fochéime
- Clárlann
- Foirmeacha na hOifige Párolla & Costais
- Daltaí Ardteistiméireachta
- Roghnaigh Iarchéim
Ag ullmhú d’agallamh
Tá agallamh faighte agat – maith thú!!
Féach an físeán gearr ag deireadh an leathanaigh seo chun tús maith a dhéanamh.
Ansin féach ar an gcomhairle thíos trí chliceáil ar an gceannteideal a fheileann duit. Ní hionann aon dá agallamh ach tá roinnt ceisteanna coitianta curtha san áireamh againn thíos. Tá an teicníc STAR an-úsáideach agus tú ag ullmhú chun ceisteanna inniúlachta a fhreagairt. Tá comhairle againn freisin maidir le ceisteanna atá deacair a fhreagairt chomh maith le roinnt nodanna le haghaidh agallaimh neamhthraidisiúnta.
Tá rochtain ag mic léinn chláraithe freisin ar Big Interview - déanann an uirlis AI seo taifead díot i mbun bréagagallaimh agus tugtar aiseolas duit.
Tá rochtain ar an leathanach seo trí do chuntas Office365.
10 Nod d’Agallaimh
Tá agallamh faighte agat – maith thú!! An rud is tábhachtaí chun agallamh maith a dhéanamh ná an t-ullmhúchán. Tá 10 nod thíos a ullmhóidh don agallamh thú!!
1. Bí Dearfach
- Chuir do CV ina luí orthu go mbeifeá in ann don phost. Tús maith leath na hoibre.
- Seachas a bheith ag déanamh imní faoi iarrthóirí eile, dírigh ar na freagraí a thabharfá féin ar cheisteanna a chuirtear in agallaimh go minic.
- Tá sé nádúrtha a bheith neirbhíseach ach má bhíonn tú ullamh ní bheidh tú leath chomh neirbhíseach.
2. Bí Ullamh
- Bíodh do CV agus d’fhoirm iarratais de ghlan mheabhair agat.
- Déan taighde ar an gcuideachta – ní leor an chéad líne ar an láithreán gréasáin a léamh – bíodh an nuacht is deireanaí ar eolas agat.
- Cuir aithne ar dhaoine – má tá aithne agat ar aon duine sa chuideachta labhair leo mar go mbeidh a gcomhairle sin an-luachmhar.
- Cleachtaigh freagraí ar cheisteanna os ard.
- Úsáid BigInterview! (mic léinn amháin).
3. Bí Réidh do na Ceisteanna
- Léigh an tsonraíocht phoist arís nó an fógra agus tabhair aird ar na príomhinniúlachtaí agus scileanna a bhí luaite agus smaoinigh ar an gcaoi a gcomhlíonann tusa iad sin.
- Féach an t-eolas atá againn faoi ghnáthcheisteanna agallaimh agus faoi cheisteanna ciotacha.
- Bí réidh leis an gceist “inis dúinn fút féin” a fhreagairt. Freagair an cheist seo agus tú ag smaoineamh ar an bpost atá i gceist, bíodh do fhreagra feiliúnach don phost.
- Bíodh a fhios agat cén fáth ar mhaith leat dul ag obair don chuideachta sin agus céard is féidir leatsa a thairiscint dóibh.
4. Pleanáil don am amach romhat
- Bíodh a fhios agat cá bhfuil tú ag dul agus cé leis a bhfuil tú ag bualadh.
- Bíodh sonraí teagmhála leat ar fhaitíos go gcuirfí moill ort.
- Bíodh neart ama agat chun do bhealach a dhéanamh, ba chóir go mbeifeá ann 10-15 nóiméad roimh an am.
- Tástáil tú féin roimh ré más féidir.
- Bí cóirithe go feiliúnach don ról – má tá amhras ort bíodh culaith ort.
5. Bíodh dáimh agat leo
- Cuimhnigh go bhfuil tábhacht leis an gcéad imprisean.
- Breathnaigh sna súile orthu – ach ná téigh thar fóir ach an oiread.
- Tabhair aird agus an lucht agallaimh á gcur in aithne duit agus úsáid a gcuid ainmneacha arís más féidir.
- Bí béasach le gach duine a chasfar ort sa chuideachta!
6. Bíodh do chuid scileanna ar eolas agat
- Bíodh scéalta agat faoin gcaoi ar léirigh tú inniúlachtaí agus scileanna roimhe seo, tá cur síos air seo sa chuid faoi agallóireacht ar bhonn inniúlachta.
- Bíodh cleachtadh agat ar na scéalta sin a insint – féach an creat STAR.
- Ná hinis aon bhréag – is ní bhéarfar amuigh ort.
- Úsáid samplaí ón gcoláiste, socrúchán oibre, taithí, caitheamh aimsire, obair dheonach etc.
7. Is caidreamh gairmiúil é seo mar sin...
- Ná nocht do rún agus ná hinis scéalta nach bhfuil feiliúnach.
- Ná bí ag caitheamh anuas ar fhostóir nó ar phost nár thaitin leat.
- Breathnaigh go dearfach ar rudaí diúltacha, má chuaigh rudaí i d’aghaidh cheana léirigh an méid a d’fhoghlaim tú ón taithí sin.
- Ná cuir ceist faoi laethanta saoire atá beartaithe agat.
- Ná cuir aon cheist faoi thuarastal sa chéad agallamh, is fearr fanacht go mbeidh tairiscint agat sula bpléifidh sibh na téarmaí agus na coinníollacha.
8. Cuimhnigh – Is comhrá atá ann!
- Mura bhfuil tú in ann cuimhneamh ar rud ar bith – tóg d’am – ná habair an chéad rud a ritheann leat!
- Mura dtuigeann tú ceist – triail é a rá ar bhealach eile chun soiléireacht a fháil.
- Má bhíonn siad do do dhiancheistiú nó ag tabhairt do dhúshláin ní chiallaíonn sé go bhfuil do chuid freagraí mícheart – is cuid de phróiseas an agallaimh é.
- Má tá a fhios agat go bhfuil tú ag dul i bhfad scéil – abair é agus déan do phointe go sciobtha.
9. Ceisteanna is féidir leat a chur
Leis an taighde a bheas déanta agat ar an gcuideachta ba chóir go mbeadh ceisteanna a rithfeadh leat san agallamh. Seo a leanas roinnt réimsí a bheadh feiliúnach le ceist a chur fúthu san agallamh:
- na chéad chéimeanna eile sa phróiseas
- an chonair ghairme a bhíonn sa chuideachta
- Cad is maith leis an mbord agallaimh faoi bheith ag obair sa chuideachta
- deiseanna forbartha sa chuideachta
- forbairtí le gairid sa chuideachta (táirgí nua, saothair a fuarthas le gairid etc.)
10. Cuir sméar mhullaigh air
- Nuair a deir siad “ar mhaith leat aon cheo eile a rá?”… tabhair dóibh na trí chúis gur chóir go bhfaighfeá an post nó abair arís an tsuim atá agat sa ról agus sa chuideachta.
- Croith a gcuid lámha agus glac buíochas leo as a gcuid ama – úsáid a gcuid ainmneacha.
- Níl deireadh leis an agallamh go mbeidh tú imithe as an gcarrchlós!
Gnáthcheisteanna Agallaimh
Níl an liosta seo teoranta agus tabharfaidh sé barúil duit faoin gcineál ceiste a bhféadfá a bheith ag súil leis san agallamh. Ba chóir duit do chuid freagraí a bheith réitithe agat roimh an agallamh.
Ceisteanna fút féin
- Cén cineál duine tú féin?
- Cén éacht is mó atá bainte amach agat go dtí seo?
- Cad iad na caithimh aimsire atá agat?
- Cad iad na cuspóirí gairme atá agat san fhadtréimhse?
Ceisteanna faoin bpost / earnáil
- Cén fáth ar mhaith leat post mar ... ?
- Cé na gairmeacha eile ar smaoinigh tú orthu?
- Cad iad na dúshláin is mó atá roimh an earnáil seo i láthair na huaire?
- Cén chaoi a bhfanann tú ar an eolas faoi fhorbairtí san earnáil seo?
Ceisteanna faoin eagraíocht
- Cén fáth a dteastaíonn uait oibriú leis an eagraíocht seo?
- Cad atá ar eolas agat faoin eagraíocht seo?
- Cén fáth a ndearna tú iarratas leis an eagraíocht seo?
- Cén chaoi a ndéanfá rangú ar ár scéim oiliúna do chéimithe i gcomparáid lenár n-iomaitheoirí?
Ceisteanna faoi do chuid oideachais
- Cén chaoi ar roghnaigh tú do chéim?
- Cén chuid ba dhúshlánaí de do chéim, dar leat?
- Céard iad na réimsí de do chéim is mó atá ábhartha don phost seo?
- An raibh tú ag streachailt le haon ábhar?
- Cén chaoi ar thug tú faoi do thionscadal/do thráchtas sa bhliain deiridh?
Ceisteanna faoi do thaithí oibre
- Cad a d’fhoghlaim tú ó thaithí oibre / intéirneacht / socrúchán / obair dheonach atá déanta agat?
- Cé chomh hábhartha agus atá do thaithí oibre don fholúntas seo?
- Cén éacht is mó atá bainte amach agat san ionad oibre?
- Déan cur síos dúinn ar an taithí ábhartha atá agat go dtí seo.
- Cén chaoi ar chuir do thaithí oibre le d’fheasacht ghnó?
Ceisteanna faoi do chuid scileanna
- Cén uair a d'úsáid tú do chuid scileanna cumarsáide chun tionchar a imirt ar iompar nó ar thuairimí daoine eile?
- Déan cur síos ar chás inar oibrigh tú in éineacht le foireann chun sprioc a bhaint amach. Cén chaoi ar chuir tusa le baint amach sprioc na foirne agus céard a d’athrófa dá mbeadh ort tabhairt faoi arís sa todhchaí?
- Déan cur síos ar an anailís a rinne tú ar shaincheist nó ar fhadhb chasta chun teacht ar chinneadh. Cén chaoi a ndearna tú do chinneadh a mheas?
- Cén uair a raibh ort déileáil le cás nach raibh súil agat leis nó cás inar tháinig athrú ar na cúinsí? Cén chaoi ar dhéileáil tú leis an éiginnteacht sin?
Is ceisteanna inniúlacht-bhunaithe iad seo thuas, féach an t-eolas ar ár láithreán faoi agallaimh inniúlacht-bhunaithe chun ullmhú do na hagallaimh seo.
Ceisteanna Ciotacha
Bíonn ceisteanna i gcónaí arbh fhearr le duine gan iad a fhreagairt. Ullmhaigh freagraí ar roinnt díobh e.g. má bhí ort bliain acadúil a dhéanamh arís nó mura bhfuil aon taithí oibre ábhartha agat. Ná habair aon rud diúltach fút féin, faoi do chomhghleacaithe roimhe seo ná faoi aon eagraíocht.
Seans go mbeadh ort freagraí a ullmhú chun aghaidh a thabhairt orthu seo a leanas, ag brath ar do chúinsí pearsanta féin:
- Bearnaí i do CV – e.g. mínigh an bhliain a thóg tú saor – b’fhéidir go raibh tú ag teastáil sa bhaile, go raibh tú ag taisteal, go raibh cúiseanna pearsanta leis (ní chaithfeá níos mó ná sin a rá). Déan iarracht an bhliain a thóg tú saor a chur i láthair ar bhealach dearfach – an méid a d’fhoghlaim tú ón taithí, b’fhéidir gur chabhraigh an briseadh leat díriú ar do chuid staidéir ar fhilleadh duit, etc.
- Drochthorthaí scrúduithe – seans go raibh ábhar ann nach raibh an spéis chéanna agat ann is a bhí sna hábhair eile (bí cinnte nach é an t-ábhar sin an ceann atá riachtanach don phost!), ar thóg sé tamall ort socrú isteach sa choláiste etc. Labhair i gcónaí faoin méid a d’fhoghlaim tú ón eispéireas, agus faoi na gnéithe dearfacha a bhain le drochthoradh a fháil.
Ceisteanna ar Laigí
- Cuirtear an cheist seo go minic in agallaimh ar chéimithe, is fearr sampla ceart a thabhairt agus díriú ar na bealaí a ndéanann tú iarracht aghaidh a thabhairt ar na laigí seo.
- D’fhéadfaí ceist dhíreach a chur ort "cad iad do chuid laigí?" nó d’fhéadfaí ceist mar seo a chur ort "cad é an rud is mó a d’athrófá fút féin?" nó "cad é an rud is mó a bheadh ort a fhorbairt chun feidhmiú go maith sa ról seo?".
- Ná habair “Níl aon laigí agam" nó "Is í an laige is mó atá agam ná gur mhaith liom gach rud a bheith foirfe" mar go gceapfar go bhfuil an cheist á seachaint agat.
Ceisteanna Fánacha nach mbíonn súil leo
Uaireanta cuirtear ceisteanna fánacha nó craiceáilte chun a fheiceáil cén chaoi a bhfeidhmíonn an t-iarrthóir faoi bhrú. Níl aon fhreagra ceart ná mícheart ar na ceisteanna seo, is í do phearsantacht atá á tástáil. B’fhearr cur chuige loighciúil a ghlacadh agus na ceisteanna seo á bhfreagairt. Seo sampla de na ceisteanna seo:
- Dá mba bhriosca thú, cén cineál briosca a bheadh ionat?
- Dá mbreathnóinn i do chuisneoir, céard a d'fheicfinn?
- Dá mbeadh dinnéar á eagrú agat sa bhaile agus dá bhféadfá duine cáiliúil amháin a thabhairt ann, cé a thabharfá ann?
Nod don Eolach:
- Ná habair an chéad rud a ritheann leat, glac nóiméad chun do chuid smaointe a chur i gceann a chéile.
- Más ceist hipitéiseach í ná bíodh drogall ort freagra spraíúil a thabhairt mar go mbeidh an t-agallóir ag cur aithne ort ar an gcaoi seo.
- Déan staidéar, tá siad ag lorg duine a úsáideann cur chuige loighciúil nó cruthaitheach chun fadhb a réiteach. Tá sé tábhachtach féachaint sa tsúil orthu agus freagra muiníneach a thabhairt ar na ceisteanna seo.
- Ná caith an t-agallamh in aer mar go gceapann tú nach bhfuil sé ag teacht leat. D’fhéadfadh an t-agallóir a bheith an-tógtha leis an gcaoi a bhfreagraíonn tú na ceisteanna.
Tabhair faoi deara: – Tá cearta agat!
Níor chóir aon cheist a chur ort fúthu seo a leanas agus ní chaithfidh tú iad a fhreagairt: cine, creideamh, inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, míchumas fisiciúil nó meabhrach, claonadh gnéasach, a bheith sa lucht siúil nó d’aois.
Bíonn ceisteanna i gcónaí arbh fhearr le duine gan iad a fhreagairt. Ullmhaigh freagraí ar roinnt díobh e.g. má bhí ort bliain acadúil a dhéanamh arís nó mura bhfuil aon taithí oibre ábhartha agat. Ná habair aon rud diúltach fút féin, faoi do chomhghleacaithe roimhe seo ná faoi aon eagraíocht
Agallaimh Inniúlacht-bhunaithe
Cad is agallamh inniúlacht-bhunaithe ann?
Úsáideann go leor cuideachtaí agallaimh inniúlacht-bhunaithe agus iad i mbun earcaíochta agus sa phróiseas roghnúcháin. In agallaimh den chineál seo breathnaítear ar an gcaoi ar éirigh leat ag an obair nó sa choláiste roimhe seo. Má cheapann an fostóir gur éirigh go maith leat san am a caitheadh is leid mhaith í sin go n-éireoidh go maith leat san am atá le teacht.
Beidh roinnt croíchumas leagtha amach ag an gcuideachta a bheidh riachtanach don ról agus beidh ceisteanna sonracha leagtha síos acu chun iad seo a fhiosrú.
Bíonn croíchumais an róil leagtha amach i sonraíocht an phoist nó san fhógra. Go hiondúil is iad na cumais a bhíonn á lorg i gcéimithe ná obair i bhfoirne, scileanna cumarsáide, tionscnaíocht agus fadhbréiteach.
Is maith le fostóirí agallaimh inniúlacht-bhunaithe a úsáid chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus cuirfidh siad na ceisteanna céanna ar gach iarrthóir.
Tosóidh na hagallaimh leis na ceisteanna céanna go hiondúil chun deis a thabhairt don iarrthóir socrú síos....
“Inis dom fút féin” nó “labhair liom faoi do CV” ach tosóidh na ceisteanna inniúlachta sách sciobtha ina dhiaidh sin.
Cén chaoi a mbeidh a fhios agam go bhfuil ceist inniúlachta á cur orm?
Bíonn na ceisteanna seo so-aitheanta mar go dtosaíonn siad go hiondúil le foclaíocht mar seo:
- Inis dom faoi am a raibh ort….
- An bhféadfá cur síos a dhéanamh ar am nuair a bhí ort….
- Tabhair sampla de……….
Cén chaoi a bhfreagróidh mé ceist inniúlachta?
Is é an bealach is fearr na ceisteanna seo a fhreagairt ná an creat STAR a úsáid. Leis an gcreat seo beidh struchtúr ar do chuid freagraí agus beidh siad gonta, soiléir.
S/T – Suíomh nó Tasc - Réitíonn sé seo an bealach. Déanfaidh tú cur síos ar an suíomh nó ar an tasc a bhí romhat. Bí gonta. |
A – Gníomhaíocht (Action) - Tugann tú léargas anseo ar an méid a rinne tú nó an gníomh. Is anseo a theipeann ar go leor. Úsáideann siad an focal “muid” seachas “mé”. Ná déan an botún céanna agus tabhair léargas ar an ról a bhí agatsa sa suíomh nó tasc. |
R – Toradh (Result)- Déanfaidh tú cur síos anseo ar na torthaí nó an méid a tháinig as. Déan na torthaí a mheas más féidir agus abair an méid a d’fhoghlaim tú ón taithí. |
Agus an freagra tugtha agat d’fhéadfadh an t-agallóir fiosrú leat mar seo a leanas....
- Cén fáth ar ghlac tú leis an gcur chuige sin?
- Dá mbeadh deis agat tabhairt faoi arís, an ndéanfá aon rud difriúil?
- Ar cheap tú go raibh sé sin deacair?
Diabhal dochar – is gnáthchuid é seo den agallamh inniúlacht-bhunaithe.
Nod don Eolach agus tú ag tabhairt faoi Agallamh Inniúlacht-bhunaithe
- Léigh an fógra poist arís agus tabhair suntas do chroíchumais an róil. Bí súil le ceisteanna faoin gcaoi ar léirigh tú iad seo.
- Breac síos samplaí den chaoi ar léirigh tú na cumais seo, bí cruthaitheach le do chur chuige, úsáid samplaí ó réimsí éagsúla cosúil leis an gcoláiste, socrúchán oibre, obair pháirtaimseartha, obair dheonach, nó do ról i gclubanna agus i gcumainn.
- Déan cleachtadh ar do chuid freagraí a rá os ard leis an gcreat STAR.
- San agallamh féin, lig dóibh aithne a chur ort, bí fonnmhar agus muiníneach!
Cineálacha Eile Agallamh
Tá roinnt cineálacha eile agallamh ann nach mór duit a chur san áireamh, mar shampla agallaimh ar an nguthán agus agallaimh le painéil.
Agallaimh le painéal
Cuireann painéal nó bord ceisteanna ar a seal ar an iarrthóir san agallamh céanna. Go hiondúil, bíonn cathaoirleach a mhíníonn próiseas an agallaimh agus a chuireann na hagallóirí eile in aithne. Bíonn saineolaí ar an bpost, bainisteoir pearsanra agus suas le triúr eile in éineacht leis an gcathaoirleach. Bíonn an creat seo fairsing sa tseirbhís phoiblí e.g. poist teagaisc. Bíonn cur i láthair gairid mar chuid den phróiseas roghnúcháin go háirithe má bhíonn scileanna cur i láthair mar chuid den ról.
Nod don Eolach ag ullmhú d’Agallamh le Painéal
- Déan iarracht a fháil amach cé a bheas ar an bpainéal, cuideoidh sé seo leat ullmhú do na ceisteanna a d'fhéadfaí a chur ort.
- Croith lámha agus déan mionghaire le gach duine ar an bpainéal de réir mar a chuirtear in aithne sibh, déan athrá ar a gcuid ainmneacha chun go gcuirfidh sibh aithne ar a chéile.
- Ná bíodh an freagra dírithe ar an té a chuir an cheist ná ar chathaoirleach an phainéil, breathnaigh orthu ar fad agus tú ag freagairt na ceiste.
- Is cuma má bhíonn siad ag glacadh nótaí, bí ag súil leis sin.
- Déan tagairt do cheisteanna a cuireadh níos luaithe mar go gcuideoidh sé seo le do chuid freagraí. Mar shampla, má chuirtear ceist ort faoi scileanna cumarsáide agus má chuirtear ceist níos deireanaí ort faoi cheannaireacht bheadh sé go maith tagairt a dhéanamh den fhreagra a thug tú níos luaithe chun an gaol idir an dá scil a léiriú.
- Glac buíochas leis an bpainéal as casadh leat agus croith lámha leo agus abair a gcuid ainmneacha arís más cuimhin leat iad.
Agallaimh ar an Teileafón
Bealach é seo chun iarrthóirí a roghnú roimh agallamh aghaidh ar aghaidh. Ag brath ar an ról atá i gceist bíonn idir cheisteanna fút féin agus d’oiriúnacht i gceist agus cheisteanna níos teicniúla chun a fháil amach an bhfuil an t-eolas teicniúil agat don ról.
Féach ár leathanach ar Agallaimh ar an nGuthán
Agallaimh Neamhfhoirmiúla / Turais ar Chuideachta
Bíonn agallaimh neamhfhoirmiúla nó cruinnithe le fostaithe éagsúla sa chuideachta ar siúl go minic i ndiaidh cruinniú foirmiúil; tá sé tábhachtach cuimhneamh go bhfuiltear do do mheas i gcónaí agus tú ag casadh le fostóirí féideartha. Go minic cloisimid ó dhaoine san Ionad Forbartha Gairmeacha a deir go raibh an cruinniú thart sula raibh deis acu aon ghaisce a dhéanamh, mar sin ní mór a bheith réidh lena aghaidh sins.
Bíonn am neamhfhoirmiúil go leor mar chuid de na hionaid mheasúnaithe go minic – bíonn turais, lón nó comhrá mar chuid den agallamh mar sin bí réidh!
Bíodh do ghnéithe uathúla díolacháin réidh agat agus bíodh do chuid ceisteanna féin réidh agat do na daoine a chasfar ort.
Físagallaimh
Tá níos mó agus níos mó fostóirí ag baint úsáid as físagallaimh ar an idirlíon chun iarrthóirí a roghnú. Is iad na buntáistí don fhostóir ná go spárálann sé am agus airgead mar nach mbíonn an oiread costais taistil ná am na bainistíochta i gceist.
Má bhíonn físagallamh agat, inseoidh an fostóir duit cén bogearra a bheas in úsáid.
Féach ár leathanach Físagallaimh
Ionaid Mheasúnaithe agus Trialacha
Úsáidtear réimse teicnící chun aithris a dhéanamh ar shuíomhanna éagsúla oibre in ionaid mheasúnaithe. Tugann siad deis don chuideachta do chuid iompraíochta a fheiceáil agus tú faoi bhrú. Is iondúil go mbíonn agallamh céad bhabhta, agallamh grúpa, trialacha inniúlachta nó trialacha eile i gceist.
Maireann an measúnú idir leathlá agus dhá lá. Go hiondúil bíonn ort dianagallamh a dhéanamh agus iarrfar ansin ort sraith gníomhaíochtaí a dhéanamh.
Cuimhnigh: d’fhéadfaí a bheith ag faire ort ón nóiméad a leagann tú cos taobh istigh de gheata an ionaid fiú!
Trialacha:
Is féidir le fostóirí trialacha a úsáid mar chuid den phróiseas earcaíochta. Féadfaidh siad seo a bheith ar líne i d’am féin chun iarrthóirí a ghearrliostú le haghaidh agallaimh, nó mar chuid d’ionad measúnaithe. Is trialacha inniúlachta iad seo go hiondúil nó ceistneoirí pearsantachta nó meascán den phéire. Is le peann agus pár a dhéantar iad seo nó ar ríomhaire.
Is é an aidhm atá le triail inniúlachta do chumas réasúnaíochta a thástáil. Déantar é sin faoi choinníollacha scrúdaithe agus faoi bhrú ama. Go hiondúil déantar tástáil ar réasúnaíocht bhriathartha, uimhriúil, spásúil theibí, mheicniúil agus aireachtála. Is féidir iad a chleachtadh ar láithreáin éagsúla...
Go hiondúil bíonn tástáil ar réasúnaíocht bhriathartha agus réasúnaíocht uimhriúil i gceist, ach d’fhéadfadh réasúnaíocht spásúlachta, agus scileanna teicniúla a bheith i gceist leo freisin.
Tá go leor láithreán gréasáin a bhfuil trialacha samplacha acu in aisce (agus go leor eile a ghearrann táille). Seans nach mbeidh ach roinnt bheag ceisteanna ar na cinn atá saor in aisce ach cuidíonn an cleachtadh leat ullmhú don triail. Bain úsáid as an inneall cuardaigh is fearr leat chun iad seo a aimsiú nó is féidir le mic léinn reatha, cláraithe roinnt acmhainní a bhrabhsáil ar ár Eolas faoi ghairmeacha beatha do mhic léinn sharepoint (rochtain le do chuntas Office365).
Léigh tuilleadh:
Publicjobs.ie breac-chuntas ar an úsáid a bhaineann siad as trialacha.
Ceistneoirí Pearsantachta
Iarrtar go díreach ort sa triail seo faoi ghnéithe de do phearsantacht féin e.g. an chaoi a mbraitheann tú faoi rudaí áirithe. Déantar na trialacha seo faoi choinníollacha scrúdaithe chomh maith – seomra mór le 30–40 duine eile. Níl freagraí ‘cearta’ ná ‘míchearta’ i gceist, mar sin:
- foghlaim an oiread fút féin agus is féidir
- bí dearfach
- ná cáin na ceisteanna
- triail iad a fhreagairt ‘ar nós mar ba chóir do gach duine eile iad a fhreagairt’
- déan taighde ar an bpost a bhfuil iarratas á dhéanamh agat air
Measúnú Grúpa / Díospóireacht:
Bíonn fostóirí ag iarraidh scileanna idirphearsanta agus obair foirne a thástáil agus cuireann siad idir cúigear agus ochtar iarrthóirí ag obair le chéile agus déantar iad a mheas. Tabharfar topaic nó cás-staidéar dóibh le plé nó fadhb le réiteach sa ghrúpa. Uaireanta ní bhíonn aon cheannaire ar an ngrúpa agus uaireanta eile roghnaítear cathaoirleach.
Go hiondúil moltar an méid seo a leanas do mhic léinn:
- Tréithe an phoist, cultúr na heagraíochta agus na daoine atá fostaithe inti cheana féin a mheas
- Gan fanacht ciúin ná amach as an bplé
- Mura bhfuil tú cinnte go dteastaíonn pearsantacht an-láidir, teanntásach, déan iarracht fanacht i lár báire agus gan seasamh amach an iomarca
Tá na modhanna a úsáidtear agus na bealaí a mbíonn daoine aonair páirteach sa ghníomh níos tábhachtaí ná an réiteach nó an toradh a aontaítear. Má tá ceannaireacht ag teastáil sa phost, mar shampla, d’fhéadfaidís a bheith ag faire amach don chumas leas a bhaint as buanna daoine eile agus cinntí a dhéanamh.
Plean Gnímh:
Tabhair cuairt ar an Ionad Forbartha Gairmeacha, déan taighde ar an réimse atá uait sa Rannóg Slite Beatha, féach ar na leabhair thagartha ar mhodhanna roghnúcháin sa Chuardach Poist agus déan amach ceisteanna samplacha. Mic léinn chláraithe Ollscoil na Gaillimhe: léigh tuilleadh faoi acmhainní agus faoi chleachtas.
Acmhainní Eile i gcomhair Agallaimh
Tá rochtain le fáil ag mic léinn ar níos mó acmhainní tríd an leathanach Sharepoint Gairmeacha – eolas do mhic léinn (ní mór duit a bheith logáilte isteach i do chuntas Office365 chun rochtain a fháil).
Nua in 2021: Déan agallamh bréige agus faigh aiseolas AI air Big Interview.
- Ba chóir do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe cliceáil ar an nasc thuas chun rochtain a fháil
- Ba chóir do Chéimithe Ollscoil na Gaillimhe le déanaí, logáil isteach ar Careers Connect chun rochtain a iarraidh.
Féach
Féach: Físeán Scileanna Agallaimh -