Conas tús a chur le post a chuardach

Má tá tú ag lorg clár céimithe, post sa réimse atá roghnaithe agat nó obair shealadach agus tú ag déanamh cinnidh faoi do chéad chéim eile, tá sé tábhachtach gan fanacht go dtí tar éis do scrúduithe deiridh. Is iomaí iarratas a d’fhéadfá a dhéanamh ar phoist sula bhfaighidh tú do chéad agallamh, mar sin bí ag déanamh iarratas ar feadh do bhliana deiridh.

Seo ár 10 Leid is Fearr:

Careers Connect
Is é seo coílár an Ionaid Forbartha Gairmeacha do phoist, imeachtaí, coinní, maoiniú. Féach na poist reatha, cuardaigh comhlachtaí agus déan do phróifíl a nuashonrú chun ríomhphoist sheachtainiúla a fháil. Is féidir le mic léinn chláraithe Ollscoil na Gaillimhe a ngnáthshonraí logála isteach a úsáid. Is féidir le céimithe 2019, 2020 agus 2021 clárú mar chéimithe lena seanuimhir mic léinn.

Na meáin shóisialta 
Aimsigh cad a oireann don ghairm bheatha atá ar intinn agat agus cá bhfuil na fostóirí á gcur féin chun cinn. Úsáid Twitter chun comhlachtaí agus gairmeacha a bhfuil spéis agat iontu a leanúint, roinneann go leor acu fógraí poist freisin. Is féidir leat cuardach a dhéanamh freisin trí eochairfhocail agus haischlibeanna cuí a úsáid (e.g., #jobfairy). Lean comhlachtaí a bhfuil spéis agat iontu ar LinkedIn, bain úsáid as an uirlis cuardaigh poist, agus féach cá bhfuil céimithe d’ábhair ag obair. Is féidir leat url do phróifíle a chur le do CV freisin.  Féach ar ár Leideanna maidir leis na Meáin Shóisialta chun sonraí a fháil.

Aontaí Poist
Téigh go dtí ár nAonach Poist do Chéimithe i mí Dheireadh Fómhair, Aonach Teagaisc i mí Eanáir agus Aonach Intéirneachtaí & Deiseanna do Chéimithe i mí Eanáir. Bíonn aontaí ag Gradireland i mBaile Átha Cliath de ghnáth i mí Dheireadh Fómhair agus i mí an Mheithimh. De ghnáth bíonn ceann san RDS i mí Eanáir. 'Laethanta Poist an AE' ar líne www.europeanjobdays.eu

Líonraigh 
 Úsáid gach deis chun labhairt leo siúd sa tionscal a bhfuil spéis agat ann. Téigh chuig ár ndíospóireachtaí painéil agus imeachtaí fostóirí ar an gcampas – féach ar Careers Connect le haghaidh sonraí.

Cur chuige amhantrach
Is féidir dea-thoradh a fháil leis an gcur chuige díreach. Tá leathanach ‘gairmeacha’ ag formhór na gcomhlachtaí ar a láithreán gréasáin (bíodh sé sa bharra roghchláir nó faoi ‘Eolas fúinn’). Féach na heolairí comhlachtaí atá ag Fiontraíocht Éireann nó próifílí tionscail an Údaráis Forbartha Tionscail agus liostaí comhlachtaí chun comhlachtaí san earnáil a bhfuil tú ag díriú orthu a aimsiú.

Cairde & Teaghlach 
 Cloiseann daoine faoi fholúntais ina n-ionad oibre féin nó féadfaidh siad do chuid sonraí a chur ar aghaidh chuig duine éigin atá ag fostú. Labhair le gach duine a bhfuil aithne agat air/uirthi! 

Comhaltas na Mac Léinn
Déantar teagmháil le Comhaltas na Mac Léinn le heolas faoi phoist pháirtaimseartha agus mar sin, lean iad ar na meáin shóisialta. Féadfar iad seo a fhógairt ar Careers Connect chomh maith.

Ranna Ollscoile
Uaireanta seoltar poist go díreach chuig an roinn agus mar sin coinnigh súil ar chlár fógraí na roinne. 

Gníomhaireachtaí Earcaíochta 
Is minic a dhíríonn Gníomhaireachtaí Earcaíochta ar thionscail áirithe, fostóidh go leor gníomhaireachtaí earcaíochta céimithe. D’fhéadfadh go mbeadh poist shealadacha ar fáil acu freisin chun cabhrú leat taithí a fháil. Cuimhnigh, níor cheart go mbeadh ort íoc as seirbhísí gníomhaireachta a úsáid riamh (ar líne nó in oifig) – gearrann siad táille ar an bhfostóir. 

Sainirisí, irisleabhair agus cumainn
Is minic a bhíonn fógraí rangaithe le fáil iontu seo agus d’fhéadfadh go mbeadh láithreáin ghréasáin ghaolmhara acu. Seiceáil seomra léitheoireachta Leabharlann Shéamais Uí Ardagáin le fáil amach an bhfuil aon cheann acu i do réimse spéise.


Mic léinn idirnáisiúnta in Ollscoil na Gaillimhe – Tugann Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann breac-chuntas ar na coinníollacha maidir le bheith ag obair le linn/i ndiaidh do chuid staidéir. Féach freisin ar na leathanaigh thacaíochta atá ag Oifig Idirnáisiúnta Ollscoil na Gaillimhe.