Logáil isteach ar Careers Connect

Logáil isteach ar Careers Connect chun eolas a fháil ar phoist, ar cheapacháin agus ar imeachtaí

Mic Léinn

Bain úsáid as Careers Connect chun

  • Ceist a chur nó coinne a dhéanamh le duine den fhoireann
  • Eolas a fháil faoi dheiseanna fostaíochta agus maoinithe
  • Áit a chur in áirithe ag imeacht
  • Foláirimh ríomhphoist a shocrú chun scéala a fháil faoi dheiseanna fostaíochta agus/nó imeachtaí
  • Tús a chur le do CV agus úsáid a bhaint as CV Pathway
  • Do CV a fhéinseiceáil le CareerSet (faoi Acmhainní agus CV Pathway)
  • Úsáid a bhaint as an CV tool chun do CV a uaslódáil (tar éis CareerSet a úsáid) go ndéanfaidh duine den fhoireann athbhreithniú pearsanta air
  • Nascadh le roinnt gnéithe iontacha gairme faoi Acmhainní lena n-áirítear tástálacha síciméadracha, an Sharepoint iontach eolais faoi ghairmeacha agus go leor eile.

Logáil isteach ar Careers Connect le do ghnáthshonraí ollscoile

 

Careers Connect a úsáid mar Chéimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe

‌‌Tá an córas Careers Connect ar fáil do Chéimithe le déanaí freisin laistigh de 3 bliana ó do chuid staidéir in Ollscoil na Gaillimhe a chur i gcrích (e.g., beidh na daoine a chríochnaíonn in 2021 fós incháilithe i mblianta acadúla 2021/2, 2022/3 agus 2023/4, iad siúd a bhain céim amach roimh 2021, níl siad incháilithe a thuilleadh). 

Logáil isteach nó cláraigh anseo (tá do sheanuimhir mic léinn ag teastáil le haghaidh clárúcháin)

Mar chéimí is féidir leat deiseanna fostaíochta a chuardach – cuardaigh de réir fostóirí ar leith nó de réir réimse gnó.
Is féidir leat foláirimh ríomhphoist a shocrú freisin chun scéala a thabhairt duit faoi phoist agus imeachtaí.

Níl coinní ar fáil do chéimithe incháilithe ach taobh amuigh den téarma – is féidir tuairisc a chur in Careers Connect faoi seo

Fostóirí – cén fáth ar cheart duit Careers Connect a úsáid

‌‌‌Déan poiblíocht ar fholúntas poist feiliúnach i measc ár bhfochéimithe agus ár n-iarchéimithe.

Bain usáid as Careers Connect chun clárú le freastal ar cheann de na haontaí earcaíochta a bhíonn againn.

Logáil isteach anseo

Glacfaidh an próiseas clárúcháin d’Fhostóir Nua níos lú ná 5 nóiméad tríd an nasc logála isteach thuas.

D'fhéadfá teagmháil a dhéanamh le employers@universityofgalway.ie  nó 091 -492133 chun d’fhógra agus do riachtanais earcaíochta a phlé. 

Tabhair faoi deara:

  • Caithfear spriocdháta a lua le gach folúntas – ní féidir glacadh le spriocdhátaí leanúnacha. Moltar spriocdháta laistigh de 3 mhí.
  • Caithfear deiseanna gan íocaíocht a lua go soiléir.
  • Ní féidir linn deiseanna a fhógairt i gcás go mbíonn costas ar mhic léinn / ar chéimithe chun iarratas a dhéanamh ar phost nó chun glacadh le post.

Gníomhaireachtaí Earcaíochta – Nuair a bheidh d’fhógra uaslódáilte agat ní mór duit ríomhphost a sheoladh chuig employers@universityofgalway.ie le hainm na cuideachta a bhfuil tú ag earcú ar a son. Ní dhéanfar an t-eolas seo a nochtadh.