Key Facts

22

bliain d'aois nó níos óige

Measúnú ar ioncam teaghlaigh

1

bhliain i do chónaí i réigiún BMW

21

seachtain lánaimseartha nó páirtaimseartha

Dáta

v

Tá an cúrsa do Lucht Fágála Scoile dírithe ar mhic léinn atá 22 bliain d’aois nó níos óige a bhfuil an Ardteistiméireacht, cáilíocht QQI ag Leibhéal 5 nó Leibhéal 6 nó a comhionann bainte amach acu. 

  • Faigheann mic léinn a chríochnaíonn an Cúrsa Rochtana Dioplóma sa Bhonnstaidéar ó Ollscoil na Gaillimhe.
  • Tá siad incháilithe freisin chun iarratas a dhéanamh ar iontráil dhíreach (tríd an CAO) ar chúrsaí fochéime Ollscoile lánaimseartha.
  • • Léigh an treoir do Chlár Bonnstaidéir Rochtana 2023.

Ionad:

Cuirtear ár gcláir ar fáil i dtrí ionad:

  • Gaillimh (An Campas, Ollscoil na Gaillimhe)
  • Tuaim
  • An Cheathrú Rua (Clár For-rochtana dátheangach)

Lean na céimeanna seo a leanas le hiarratas a dhéanamh:

1. Bailigh an t-eolas a bheidh uait e.g. uimhir PSP, uimhir CAO (más cuí), ainmneacha agus sonraí teagmhála 3 mholtóirí (beirt mholtóirí acadúla agus moltóirpearsanta amháin)

2. Beidh deis agat do chuid cáipéisí airgeadais a chur ar aghaidh tar éis duit an fhoirm iarratais a chomhlánú.

3. Seiceáil do bhosca rphoist chun admháil ar d'iarratas a fháil agus lean an t-eolas a thugtar chun do chuid cáipéisí breise a chur isteach.

Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais ar Líne anseo

Is féidir d'iarratas a chomhlánú trí Ghaeilge ach Gaeilge a roghnú mar theanga ar an bhfoirm.

Is é an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte an 15 Meán Fómhair 2024.

Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le hOifig na gClár Rochtana ar rphost access@universityofgalway.ie

Darren

Darren Casserly |   Baitsiléir Sna Dána (Iriseoireacht)

Is mac léinn sa 3ú bliain sna Dána le hIriseoireacht mé faoi láthair. Ullmhaíonn an cúrsa rochtana tú níos fearr don choláiste ná an mheánscoil agus tugann sé na huirlisí duit le go n-éireoidh leat sa choláiste. Mholfainn an cúrsa go mór d’aon duine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh, agus ní bheinn san áit a bhfuilim inniu marach an cúrsa.
Saoirse

Saoirse O'Connor |   Lucht Fágála Scoile san Ionad Rochtana

“Tá sé deacair cur síos ar a luachmhaire is a bhí an cúrsa Rochtana dom. B'iontach an bunús foghlama a fuair mé agus as ar shealbhaigh mé scileanna tábhachtacha a chabhraigh liom tús a chur le mo thuras acadúil mar fhochéimí. D’fhoghlaim mé an chaoi staidéar a dhéanamh agus scríobh go hacadúil, chomh maith le ríomhchláir theicneolaíochta éagsúla a úsáid, i ngeall ar an bpaindéim, chun rochtain a fháil ar sheirbhísí oideachais. Bhain mé leas chomh maith as tacaíocht leanúnach na hOifige Rochtana a chabhraigh liom, mar mhac léinn, mo dhícheall a dhéanamh. Bhí mé in ann staidéar a dhéanamh ar an ábhar foghlama a cuireadh ar fáil dom agus cur le m’eolas in ábhair agus i réimsí a rachaidh chun tairbhe dom nuair a thabharfaidh mé faoin gcúrsa atá roghnaithe agam sa bhliain romham.”
Oisín

Oisín Halligan |   Lucht Fágála Scoile san Ionad Rochtana

“Ní fada go mbeidh mé i mo mhac léinn chéad bhliana a bhuíochas sin don chúrsa rochtana. Ba é an cúrsa rochtana an deis a cheap mé nach bhfaighinn riamh go hacadúil, ullmhaíonn an cúrsa tú i bhfad níos fearr ná an mheánscoil agus tá an oiread sin daoine maithe páirteach sa chúrsa atá ar fáil chun cabhrú leat nuair is féidir. Ní bheinn san áit ina bhfuilim inniu murach an cúrsa rochtana agus má tá suim agat ann mholfainn go mór é agus ní bheidh aiféala ort.”