Springboard Banner 2023

Cuireann Springboard+ os cionn 275 dianchúrsa agus cúrsa páirtaimseartha tiontaithe san ardoideachas, ó leibhéal teastais, leibhéal céime go leibhéal iarchéime ar fáil, atá maoinithe ag an rialtas. Féach www.springboardcourses.ie chun tuilleadh sonraí a fháil.

Tá líon teoranta áiteanna ar fáil d’iarratasóirí Springboard+ ar na cúrsaí seo a leanas in Ollscoil na Gaillimhe atá maoinithe ag an rialtas don bhliain acadúil 2023/24. Is cúrsaí páirtaimseartha iad agus cuirfear ar fáil iad ar líne agus tríd an bhfoghlaim chumaisc.

Leibhéal NFQ 8:
Leibhéal NFQ 9:
Cúrsa Tiontaithe i Scileanna TFC (páirtaimseartha):

Cúrsaí Colún 1 HCI

Cuireann Colún 1 HCI breis agus 89 cúrsa céime lánaimseartha tiontaithe ar fáil ag leibhéal 8 Ard-Dioplóma nó leibhéal 9 Dioplóma Iarchéime. Cuirtear na cúrsaí ar fáil i réimsí lena mbaineann ganntanas scileanna agus teicneolaíochtaí nua. Tá na cúrsaí lánaimseartha seo a leanas de chuid Ollscoil na Gaillimhe ceadaithe faoi Cholún 1 HCI don bhliain acadúil 2023/24. 

NB: Tá spriocdhátaí éagsúla d’iarratais i gceist do gach cúrsa ó lár mhí Lúnasa go lár mhí Mheán Fómhair mar sin féach ar leathanaigh na gcúrsaí chun tuilleadh sonraí agus critéir incháilitheachta a fháil.

Incháilitheacht

Féach láithreán gréasáin Springboard+ chun critéir incháilitheachta agus an cháipéisíocht riachtanach a fháil.

Iarratais

Déantar gach iarratas ar na cúrsaí seo ar láithreán gréasáin Springboard+.

An cinneadh is fearr a rinne mé

An cinneadh is fearr a rinne mé

Insíonn Kasia Plaza dúinn faoina taithí ar a cúrsa Springboard+

Léigh Tuilleadh

Mo Chúrsa Springboard

Mo Chúrsa Springboard

Insíonn an Dr Eimear O'Hara faoina taithí ag tabhairt faoi chúrsa páirtaimseartha Springboard+ in Ollscoil na Gaillimhe

LÉIGH TUILLEADH