Oideachas Pobail

Oiliúint & Oideachas

Má tá tú ag obair in oideachas agus oiliúint, i bhfoghlaim agus i bhforbairt, nó i bhforbairt ceannaireachta, tá ár gcúrsaí curtha le chéile chun cabhrú leatsa a bheith i d’oideachasóir gairmiúil. Le rannpháirtithe ón tionscal, ón mbreisoideachas agus ón ardoideachas, agus ón bpobal, tá ár gcúrsaí deartha chun do spriocanna gairmiúla a bhaint amach.

Cúrsaí san Oideachas Pobail:

Léann an Phobail, na hÓige & an Teaghlaigh (Céim)

Cleachtas i dtaca le hObair don Óige (Teastas)

Cleachtas Forbartha Pobail agus na hÓige (Dioplóma)

Ceannaireacht na hÓige & Gníomhaíocht Phobail (Bunteastas)

Cúrsaí Micridhintiúr
Is deiseanna foghlama nua iad na cúrsaí micridhintiúr atá á bhforbairt anseo in Ollscoil na Gaillimhe. Is modúil ghearra chreidiúnaithe iad don fhorbairt ghairmiúil agus dearadh iad chun freastal ar éilimh ó fhoghlaimeoirí, fiontair agus eagraíochtaí. Féach ar ár raon iomlán Cúrsaí Micridhintiúr anseo.