Fáilte chuig Scéim Meantóireachta Acadúla OÉ Gaillimh

Cén cuspóir atá le meantóireacht acadúil in OÉ Gaillimh?

Is é an cuspóir atá le meantóireacht acadúil ná tacú leis an té atá i dtús a ghairme dul chun cinn a dhéanamh ina shlí bheatha, agus sárchaighdeán teagaisc agus foghlama, taighde agus ceannaireachta acadúla a chothú.

Cad is Meantóireacht ann?

Is éard is meantóireacht ann próiseas ina gcuireann meantóir ar chumas a dhalta meantóireachta cur leis na scileanna atá aige/aici agus na spriocanna gairme atá aige/aici a bhaint amach.  Cuirtear tacaíocht ar fáil in OÉ Gaillimh i bhfoirm comhpháirtíochta idir comhaltaí foirne sinsearacha agus comhghleacaithe leo atá i dtús a ngairme. Tá sé mar aidhm ag an gcomhpháirtíocht seo a chur ar chumas na foirne barr a gcumais a bhaint amach.

Glactar leis an sainmhíniú seo a leanas ar an meantóireacht in OÉ Gaillimh: “off-line help by one person to another in making significant transitions in knowledge, work or thinking”              
(Clutterbuck, 1990)

An Próiseas Meantóireachta

Is féidir féachaint ar cháipéis dar teideal overview of the NUI Galway Mentoring Process nó í a íoslódáil anseo.


Cáipéisí Meantóireachta

 Polasaí Meantóireachta  An Chéad Chruinniú Meantóireachta
 An Fad a Mhaireann an Mheantóireacht  Meaitseáil Pro-Forma na nDaltaí Meantóireachta in OÉ Gaillimh
 Seicliosta Scileanna Meantóireachta - Do Stíl Mheantóireachta a Mheas  Meaitseáil Pro-Forma na Meantóirí in OÉ Gaillimh
 Taifead ar an gCruinniú Meantóireachta

Prionsabail na Meantóireachta

Is éard is meantóireacht ann ná an próiseas ina dtugann meantóir treoir do dhalta meantóireachta maidir lena g(h)airm bheatha.  Chun go n-éireoidh le caidreamh meantóireachta, caithfidh sé a bheith bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

  • Is ag an dalta meantóireachta a bhíonn úinéireacht ar an bpróiseas meantóireachta agus is eisean/ise a thiomáineann an clár meantóireachta.  Is ar an dalta meantóireachta atá sé teagmháil a dhéanamh leis an meantóir ag an tús.
  • Is caidreamh atá faoi rún é an caidreamh leis an meantóir. Ní féidir na nithe a phléann an meantóir agus an dalta meantóireachta a nochtadh do thríú páirtí gan cead ón dá pháirtí sin.
  • Níl baint ná páirt ag an meantóireacht acadúil le Córas Forbartha Bainistíochta Feidhmíochta OÉ Gaillimh.
  • Cur chuige neamhthreorach a bhíonn ag an meantóireacht.
  • Tá caidreamh na meantóireachta bunaithe ar mhuinín, agus ar mheas a bheith ag an dá pháirtí ar a chéile.
  • Cuireann an meantóir ar chumas an dalta meantóireachta a bheith freagrach as a c(h)uid foghlama féin agus as a g(h)airm bheatha féin a fhorbairt.
  • Cuireann an meantóir spás sábháilte ar fáil don dalta meantóireachta inar féidir leis/léi fadhbanna a bhaineann leis an obair a phlé agus iarracht a dhéanamh teacht ar réitigh.
  • Ní chuireann an caidreamh meantóireachta aon oibleagáid ar cheachtar páirtí seachas an aidhm forbartha a ghabhann leis.

Buntáistí na Meantóireachta

An Tairbhe a Bhaineann an Dalta Meantóireachta aisti:

  • Cuidíonn sí le comhaltaí foirne nua a ionduchtú agus cuireann sí dlús lena gcuar foghlama
  • Bíonn siad níos cinnte faoina spriocanna gairme agus faoin mbealach lena mbainistiú
  • Deis le dúshlán a gcuid tuairimí féin agus na nithe a chreideann siad a thabhairt
  • Tríd an teagmháil leis an meantóir, tá siad ag cur leis an ngréasán daoine a dtagann siad faoina n-anáil
  • Cuirtear am agus spás ar fáil dóibh chun a machnamh a dhéanamh, tuiscint a fháil ar chúrsaí, níos mó eolais a chur orthu féin agus cur lena bhféinmhuinín
  • Éiríonn siad níos táirgiúla agus níos éifeachtaí, rud a chuidíonn leo a spriocanna gairme a bhaint amach
  • Tacaíocht maidir le caidrimh le daoine eile a bhainistiú agus a fhorbairt
  • Faigheann siad léargas ar chultúr OÉ Gaillimh, an struchtúr foirmeálta agus neamhfhoirmeálta atá aici agus an bealach a n-oibríonn sí

An Tairbhe a Bhaineann an Meantóir aisti:

  • Déanann sé/sí scileanna nua a fhorbairt agus rudaí nua a fhoghlaim ón gcaidreamh
  • Bíonn teagmháil aige/aici le comhaltaí foirne acadúla atá i dtús a ngairme agus cuireann sé/sí eolas ar an mbealach a bhforbraíonn a ngairm
  • Deis chun machnamh a dhéanamh agus chun eolas a chur ort féin go pearsanta
  • An sásamh a bhaineann le cuidiú le comhghleacaithe forbairt agus dul chun cinn a dhéanamh

Ábhar Léitheoireachta Molta

Alred, G., Garvey, B. agus Smith, R. (1998) Mentoring Pocketbook Alresford:  Management Pocketbooks

Clutterbuck, D. (2004) Everyone needs a mentor:  fostering talent in your organisation.  an 4ú heagrán. Londain:  Chartered Institute of Personnel and Development (CIPD)

Kay, D. agus Hinds, R. (2009) A Practical Guide to Mentoring:  How to Help Others Achieve their Goals.  How to Books Ltd.