Socruithe Réasúnta do Scrúduithe

Is féidir socruithe réasúnta do scrúduithe a dhéanamh ar bhonn aonair do mhic léinn mar gheall ar mhíchumas.Molaimid duit iarratas a dhéanamh ar an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais chomh luath agus a thosaíonn do chúrsa, chun a chinntiú go bhfuil tacaíocht ar fáil duit sna scrúduithe ar fad.

Ní mór socruithe scrúduithe dheireadh an tseimeastair a chinntiú roimh na scrúduithe. Seiceáil na dátaí thíos le haghaidh sonraí. Féadfaidh mic léinn iarratas a dhéanamh ar an tseirbhís tar éis an dáta seo agus sa chás sin cuirfear a gcuid tacaíochta i bhfeidhm don chéad scrúdú eile.

Is iad na dátaí chun socruithe scrúdaithe a chinntiú don Bhliain Acadúil 2023/24:

- Seimeastar 1: Dé hAoine 29 Meán Fómhair 
- Seimeastar 2: Dé hAoine 2 Feabhra (le deimhniú)
- Athscrúduithe an tSamhraidh: Dé hAoine 31 Bealtaine (le deimhniú)

Céard atá i gceist le tacaíocht scrúdaithe?

Cuirtear tacaíocht scrúdaithe i bhfeidhm:
• Chun a chinntiú go gcaitear go cothrom leat sa phróiseas scrúdaithe,
• Chun ligean duit dul san iomaíocht ar chomhchéim le do chomhghleacaithe,
• Chun deis a thabhairt duit d’eolas agus d’inniúlacht féin a léiriú.

Tacaíocht Shamplach Scrúduithe:
• Ionad eile Scrúdaithe
• Am Breise (10 nóiméad in aghaidh na huaire)
• Greamán Géardheacrachtaí Foghlama agus Treoirlínte Marcála

Cén chaoi a mbainim leas as tacaíocht scrúduithe?

Socrófar tacaíocht do scrúduithe ag do chruinniú measúnaithe riachtanas. Baineann Ollscoil na Gaillimhe úsáid as treoirlínte DAWN chun socruithe réasúnta a cheadú.
Ní athróidh na tacaíochtaí scrúduithe le linn thréimhse do chúrsa ach amháin má iarrann tú cruinniú athbhreithnithe. Ina cheann sin, féadfaidh an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais athbhreithniú a dhéanamh ar do chuid tacaíochtaí scrúduithe mura n-úsáideann tú na tacaíochtaí a cheadaítear duit.

Scrúduithe Oifigiúla ag Deireadh an Téarma

Bíonn an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais ag obair le hOifig na Scrúduithe chun tacaíochtaí scrúduithe a sholáthar do na scrúduithe oifigiúla, ag deireadh an téarma, ar an gcampas.

Tabhair faoi deara: Maidir le scrúduithe a bhíonn ar siúl go cianda is Scrúduithe Roinne iad sin. Tá na socruithe réasúnta a mholtar do mhac léinn atá cláraithe leis An tSeirbhís Tacaíochta Míchumais fós i bhfeidhm i gcás scrúduithe cianda. D’fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt socruithe molta ag teastáil i gcás scrúduithe cianda (e.g. ionad). Ba chóir duit dul i dteagmháil le do léachtóir chun a chur in iúl dóibh go bhfuil socruithe réasúnta ag teastáil uait do na scrúduithe seo.  

Scrúduithe Roinne (Tí) nó Scrúduithe ar siúl go cianda.

Má tá tacaíochtaí scrúduithe ag teastáil uait i scrúdú roinne nó tí, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do léachtóir i bhfad roimh dháta an scrúdaithe. Seol ríomhphost chuig an léachtóir ábhartha.

Clár Ama na Scrúduithe agus na hIonaid

1. Féach amchlár na scrúduithe 
2. Féach na leasuithe i gcónaí ar fhaitíos go bhfuil athrú tagtha ar dháta, am nó ionad an scrúdaithe.
3. Mura bhfuil clár ama pearsanta agat, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le Deasc Eolais na Mac Léinn láithreach agus seiceáil an bhfuil tú cláraithe mar is ceart.
4. Má tá scrúdú ar iarraidh ó do chlár ama, déan teagmháil le do léachtóir: d’fhéadfadh gur scrúdú roinne atá ann.
5. Feicfidh tú na príomhionaid scrúduithe nuair a logálann tú isteach chun do chlár ama a fheiceáil.
6. Má dhéantar ionad scrúdaithe eile a shocrú duit cuirfear sonraí an ionaid in iúl duit ar ríomhphost.
7. Beidh ort do chlár ama a sheiceáil chun dátaí agus amanna a dhearbhú.

Tuilleadh Eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Scrúduithe in Ollscoil na Gaillimhe, féach láithreán gréasáin Oifig na Scrúduithe

Chun freagraí a fháil ar cheisteanna coitianta a bhaineann le socruithe réasúnta do scrúduithe féach Ceisteanna Coitianta na Seirbhíse Tacaíochta Míchumais.