Áiseanna Staidéir

Tá Ollscoil na Gaillimhe ar fáil duit taobh amuigh den seomra ranga chomh maith.  Tá eolas le fáil anseo faoin méid atá le fáil ar an gcampas a chuideoidh le do chuid staidéir.

Áiseanna Staidéir

An Leabharlann

Is í Leabharlann Shéamais Uí Argadáin príomhleabharlann na hOllscoile agus tá sí suite i gcroílár an champais. Tá Leabharlann Leighis againn chomh maith, taobh amuigh den champas, san Institiúid Eolaíochta Cliniciúla in Ospidéal Choláiste na hOllscoile in aice láimhe.

Tá breis is 430,000 leabhar clóite sa Leabharlann, 400,000 ríomhleabhar agus os cionn 25,000 ríomh-irisleabhar ar ábhair éagsúla. Tá teacht ar an gCatalóg ar líne agus ar an tairseach leictreonach, eKnowledge trí Láithreán gréasáin na Leabharlainne.

Féadfaidh tú an Leabharlann a úsáid a luaithe atá tú cláraithe mar mhac léinn. Ní bheidh uait ach do chárta aitheantais.

Uaireanta oscailte

Luan go hAoine: 8.30am to 10pm
Satharn: 8.30am to 5.30pm
Domhnach: 10am to 5.30pm.
Tá an fhoireann ar fáil i gcónaí le seirbhísí na Leabharlainne a mhíniú duit agus na háiseanna atá ar fáil a thaispeáint duit.
Tá roinnt ríomhlann sa Leabharlann agus má tá ríomhaire glúine agat tá rochtain gan sreang ar fáil timpeall an fhoirgnimh agat. Tá seirbhísí fótachóipeála agus priontála ar fáil inti chomh maith.

Téigh i dteagmháil leis an Leabharlann chun tuilleadh eolais a fháil
T +353 (0)91 493 399

 

Dianranganna

Má cheapann tú go dteastaíonn cúnamh uait le gnéithe áirithe de do chúrsa, d’fhéadfá dianranganna a fhiosrú. Sna ranganna príobháideacha seo, beidh tú féin agus do theagascóir in ann díriú isteach ar cheisteanna ar leith a bhfuil deacracht agat leo ar bhealach príobháideach, tacúil.

Sula ndéanann tú dianranganna in aon ábhar, ba chóir duit labhairt le do léachtóirí nó le riarthóir an chúrsa faoi aon ábhar imní atá agat. Tá eolas maith acu ar ábhar an chúrsa agus d’fhéadfaidís tacaíocht bhreise a thairiscint duit.

Ar láithreán gréasáin Chomhaltas na Mac Léinn, gheobhaidh tú liosta iarchéimithe nó comhaltaí foirne a thugann dianranganna do mhic léinn. Ní sheiceálann Comhaltas na Mac Léinn cáilíochtaí, dintiúirí ná praghsanna na dteagascóirí agus ní dhéantar aon rialáil orthu. Ba chóir duit, ar mhaithe leat féin, an táille a aontú roimh ré agus casadh leis an teagascóir in áit phoiblí.

Téigh i dteagmháil le Comhaltas na Mac Léinn chun tuilleadh eolais a fháil
T +353 (0)91 524 810

 

Siopaí Leabhar

Siopa Leabhar na hOllscoile

Tá Siopa Leabhar na hOllscoile lonnaithe san íoslach faoi bhun Leabharlann Shéamais Uí Argadáin. Beidh aon téacs atá leagtha síos ar do chúrsa ar fáil anseo mar aon le hábhar léitheoireachta níos éadroime.

Uaireanta oscailte:

Luan go hAoine: 9am - 6pm,
Satharn: 11am - 1pm.

Téigh i dteagmháil le Siopa Leabhar na hOllscoile chun tuilleadh eolais a fháil
T +353 (0)91 525 318 nó folíne: 2599

Siopa Leabhar Chomhaltas na Mac Léinn

siopa leabhar athláimhe ar líne ar feadh na bliana ag Comhaltas na Mac Léinn ar a láithreán gréasáin.

Téigh i dteagmháil le Comhaltas na Mac Léinn chun tuilleadh eolais a fháil
T +353 (0)91 524 810

Réitigh agus Seirbhísí Faisnéise

Nuair atá tú cláraithe leis an Oifig Iontrála, gheobhaidh tú cárta aitheantais mar aon le hainm úsáideora agus pasfhocal. Rachaidh tú ansin chuig Ríomhlann ar bith ar an gcampas agus logálfaidh tú isteach ar líonra na hollscoile. Tá seirbhísí ríomhairí den scoth in Ollscoil na Gaillimhe agus cuireann líonra an champais réimse áiseanna IT ar fáil do mhic léinn chláraithe. Beidh teacht agat orthu seo a leanas:

  • Líonra ardluais ar fud an champais
  • Timpeall 1,600 ríomhaire bainistithe in áiteanna lárnacha ar fud an champais
  • Os cionn 250 táirge bogearraí ceadúnaithe speisialta ar an gcampas
  • Lascaine do mhic léinn ar sheirbhísí cosúil le leathanbhanda móibíleach nó ceadúnais bhogearraí
  • Scanóirí, scríbhneoirí CDanna agus seirbhísí priontála
  • Líonra gan sreang an champais
  • Bonnchúrsaí oiliúna a mhúinfidh na bunrialacha maidir leis an líonra, bogearraí agus priontáil duit
  • Cúnamh ó Dheasc Freastail Réitigh agus Seirbhísí Faisnéise ar aon cheist ríomhaireachta

Téigh i dteagmháil leis an Deasc Freastail chun tuilleadh eolais a fháil.
T +353 (0)91 5777 nó folíne: 5777

 

Áras na Gaeilge

Áras na Gaeilge

Is é Áras na Gaeilge an tIonad Gaeilge ar an gcampas. Tá na cúrsaí Gaeilge do mhic léinn agus cláir eile trí mheán na Gaeilge bunaithe anseo. Cuireann an tÁras réimse seirbhísí ar fáil do mhic léinn trí mheán na Gaeilge. Áirítear orthu sin:

  • Bia Léinn, caifé do mhic léinn agus don fhoireann
  • Ríomhlann
  • Téatar
  • Áiseanna fótachóipeála do mhic léinn

Más mac léinn thú a bhfuil Gaeilge agat nó a bhfuil suim agat sa teanga, tá fáilte romhat na seirbhísí seo a úsáid in Áras na Gaeilge.

Téigh i dteagmháil le hÁras na Gaeilge chun tuilleadh eolais a fháil
T +353 (0)91 495 248

 

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Is bealach é Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge do mhic léinn chun nasc a chothú leis an nGaeilge.  Bíonn an tAcadamh ag plé le cúrsaí trí mheán na Gaeilge agus le taighde trí mheán na Gaeilge.  Comhoibríonn an tAcadamh le coláistí, ranna agus oifigí eile ollscoile chun cláir nuálacha agus sholúbtha trí Ghaeilge a fhorbairt ar an gcampas agus in ionaid Ghaeltachta an Acadaimh ar an gCeathrú Rua, i gCarna agus i nGaoth Dobhair.  Bíonn na cláir ar siúl ag an tríú leibhéal agus ag an gceathrú leibhéal agus ag leibhéal idirdhisciplíneach agus cuireann siad le forbairt na Gaeltachta agus na Gaeilge go náisiúnta.  Cuirtear na réimsí staidéir seo a leanas ar fáil:

  • Cumarsáid
  • Pleanáil Teanga
  • Na Taibh-ealaíona
  • Teicneolaíocht Faisnéise
  • Staidéar Oideachais
  • Léann an Aistriúcháin
  • Gaeilge Fheidhmeach
  • Gnó
  • Riarachán agus Staidéar Bainistíochta

Téigh i dteagmháil le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun tuilleadh eolais a fháil
T +353 (0)91 595 101

Léigh leat anseo

Léigh leat anseo