Cuireann an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh sraith gearrchúrsaí neamhchreidiúnaithe, sa seomra ranga agus ar líne, ar fáil i réimsí éagsúla. Tá na cúrsaí leagtha amach do scoláirí a bhfuil suim acu sna hábhair atá ar fáil agus tugann siad deis dóibh tuilleadh a fhoghlaim faoin ábhar agus taithí a fháil ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil.

Costas

€145

Fad an chúrsa

8 seacht

Dáta tosaigh

6 Feb 23

Cuirfear tús leis na gearrchúrsaí an tseachtain dar tús 6 Feabhra agus tairgtear iad mar chlár sa seomra ranga nó ar líne thar 8 seachtaine, tráthnóna amháin in aghaidh na seachtaine (7–9pm sa seomra ranga, 7–8.30pm ar líne).

Liosta na nGearrchúrsaí in 2023

Dé Máirt

Logainmneacha Gaeilge a Dhíchódú (ar an gcampas)
An féidir leis na hEalaíona Ceannairceacha muid a athrú? (ar an gcampas)
Ón Teorainn go Breatimeacht: Stair Thuaisceart Éireann (ar an gcampas)

Dé Céadaoin

Litríocht na hÉireann - Ó Yeats go McKeon (ar líne)
Fraincis a fheabhsú (ar an gcampas)
Cuir snas ar do chuid Gaeilge (ar líne)

Déardaoin

Ó ‘Labour's Way’ go ‘Breaking the Mould’: Páirtithe polaitiúla in Éirinn san 20ú hAois (ar an gcampas)
Déantáin agus Seandálaíocht Éire na Réamhstaire (ar an gcampas)
Fealsúnacht na Filíochta (ar an gcampas)

Dé hAoine

Gearmáinis a fheabhsú (ar líne)

Dé Sathairn

*Réamheolas ar Theicníc Alexander (ar an gcampas)

*Beidh Réamheolas ar Theicníc Alexander ar siúl thar 2 cheardlann (Dé Sathairn, an 25 Feabhra agus Dé Sathairn, an 4 Márta). 

Cliceáil ar an gcnaipe thuas chun iarratas a dhéanamh ar líne (ní féidir iarratas a sheoladh sa phost ná a chur isteach go pearsanta i mbliana).

Tá an fhoirm ar fáil i mBéarla amháin faoi láthair ach is féidir leat teagmháil a dhéanamh le adultlearning@universityofgalway.ie sa chás go bhfuiltear ag iarraidh iarratas a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar na cúrsaí, cliceáil ar an mbróisiúr thíos:

‌‌‌‌‌‌‌‌‌‌‌

Short Courses 2023 Brochure

Ceisteanna Coitianta

Cén chaoi ar féidir liom iarratas a dhéanamh?

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne anseo. Ní féidir iarratas a sheoladh sa phost ná a chur isteach go pearsanta.

Seolfar nasc rochtana chuig an gcúrsa ar rphost chuig rannpháirtithe na gcúrsaí ar líne roimh dháta tosaithe an chúrsa. Cuirfear tús leis na gearrchúrsaí an tseachtain dar tús an 6 Feabhra 2023. Tá lá agus am gach cúrsa liostaithe thuas ar an láithreán gréasáin.

Cén spriocdháta atá ann?

Dé Céadaoin, an 1 Feabhra 2023 spriocdháta na nGearrchúrsaí.

Cén costas atá ar an gcúrsa?

€145 an costas atá ar na gearrchúrsaí ar líne. 

Cá mbíonn na cúrsaí ar siúl?

Cuirfear na cúrsaí ar fáil i seomra ranga nó ar líne ar Zoom. Gheobhaidh rannpháirtithe rphost leis an gcód rochtana agus an pasfhocal an tseachtain sula dtosaíonn an cúrsa.

An mbeidh scrúduithe i gceist?

Ní bheidh scrúduithe ag deireadh na ngearrchúrsaí mar is cúrsaí neamhchreidiúnaithe iad.

An bhfaighidh mé teastas?

Ní bhfaighidh tú teastas ag deireadh na gcúrsaí mar is cúrsaí neamhchreidiúnaithe iad.

Cúrsa a chur ar ceal/Aisíocaíochtaí

Beidh na cúrsaí seo ag brath ar líon áirithe scoláirí a bheith cláraithe. Mura mbeidh líon áirithe scoláirí cláraithe ar chúrsa cuirfear ar ceal é. Déanfar cúrsa eile a thairiscint d’iarrthóirí nó déanfar aisíocaíocht* ar tháille an chúrsa. Chun d’áit a chinntiú ar do rogha cúrsa déan iarratas chomh luath agus is féidir leat.

Ní bhíonn aisíocaíochtaí i gceist ach amháin má bhíonn orainn cúrsa a chur ar ceal. Is ar an mbunús seo a iarrtar ort eolas a chur ar ábhar an chúrsa sula gcláraíonn tú.

*Tabhair faoi deara go ndéanann Ollscoil na Gaillimhe aisíocaíochtaí a phróiseáil agus go bhféadfadh go mbeadh moill i gceist.

Cúpla Focal ó na Scoláirí

Teistiméireachtaí

Teistiméireachtaí ó Scoláirí |   Feabhra 2021

Eispéireas foghlama an-taitneamhach ar bhealach spraíúil agus inrochtana go héasca" Selina Bonner, "Bhí sé iontach rud éigin nua a fhoghlaim le linn na dianghlasála chomh maith le bualadh le daoine nua" Eve Edgeworth, "Bhain mé an-taitneamh as an taithí ar fad, d'fhoghlaim mé go leor agus táim muiníneach faoi mo chuid smaointe a leanúint agus faoi phleanáil do mo phodchraoladh" Liz Kelly, "Bhí an cúrsa suimiúil agus spreagúil. Bhí sé go maith bualadh le daoine nua (cé gur go fíorúil a bhí sé!) agus bhain mé sult as ábhar an chúrsa" Mary Slattery," Bhí an cúrsa an-taitneamhach agus lán le heolas. Thug sé rud éigin dom le bheith ag tnúth leis gach seachtain" Joe Maguire