-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Seirbhísí do Mhic Léinn
Seirbhísí do Mhic Léinn
Tá teacht agat ar réimse leathan seirbhísí do mhic léinn mar mhac léinn páirtaimseartha. Tá cúnamh le fáil le do scileanna scríbhneoireachta agus staidéir, tá comhairle le fáil ar ghairmeacha agus tá foinsí eolais le fáil don staidéar. Moltar duit leas a bhaint as na seirbhísí seo chun an tairbhe is fearr a bhaint as do chuid ama le Foghlaim d’Aosaigh in Ollscoil na Gaillimhe. I measc na seirbhísí tá:
Tacaíochtaí Foghlama
Tá réimse leathan tacaíochtaí ar fáil duit mar mhac léinn páirtaimseartha san Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh. Tá an-scil ag ár gcomhordaitheoirí cúrsaí agus is féidir leo an cúrsa is fearr a fheileann do do riachtanais foghlama phearsanta agus ghairmiúla a chur ar do shúile duit. Mar mhac léinn cláraithe is iomaí seirbhís tacaíochta atá ar fáil duit, chun cuidiú leat filleadh ar an oideachas, lena n-áirítear:
- Modúil i Scileanna Scríbhneoireachta Acadúla (ar líne)
- An tIonad Scileanna Acadúla
- An tIonad Scríbhneoireachta Acadúla
- Treoracha agus Físeáin Eolais na Leabharlainne (ar líne)
Tá na seirbhísí tacaíochta seo comhtháite i do chúrsa staidéir agus cabhróidh siad leat ullmhú do thascanna measúnaithe leanúnaigh agus do scrúduithe deiridh an tseimeastair.
An tIonad Forbartha Gairmeacha
Gheobhaidh tú cúnamh le do ghairm féin a fhorbairt trí réimse seirbhísí eolais agus treorach.
Cuireann an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh eolas ar fáil ar na nithe seo a leanas:
- staidéar iarchéime, staidéar breise agus roghanna maoinithe
- gairmeacha áirithe agus eolas faoi fhostóirí
- réimsí áirithe gairme agus scileanna fostaíochta
- seimineáir ar fhócasghrúpaí do ghrúpaí áirithe (e.g. mic léinn lánfhásta)
- leabharlann fhíorúil gairme ina bhfuil eolas le fáil faoi ghairmeacha agus sonraí teagmhála úsáideacha
- ócáidí gairmeacha
Tá rannóg closamhairc, CD-ROManna faoi ghairmeacha, tástálacha síciméadracha agus áiseanna fótachóipeála ar fáil san Ionad do gach mac léinn. Téigh chuig láithreán gréasáin an Ionaid Forbartha Gairmeacha chun tuilleadh eolais a fháil.
Leabharlann Shéamais Uí Argadáin
Mar mhac léinn páirtaimseartha beidh teacht agat ar Leabharlann Shéamuis Uí Argadáin. Tá rogha leathan leabhar, páipéar acadúil agus iriseán le fáil inti agus tá go leor díobh le feiceáil ar líne. Beidh sé seo an-áisiúil duit má tá do chúrsa ar siúl trí fhoghlaim chumaisc nó ar líne. Is féidir teacht ar réimsí leathan acmhainní leictreonacha agus ábhar tagartha na leabharlainne sa bhaile ar an idirlíon.
Tá cartlanna, bailiúcháin speisialta, micreafoirm/micrifís, fótachóipirí agus ríomhlanna sa leabharlann chomh maith. Is féidir leabhair a fháil ar iasacht ar feadh coicíse go hiondúil ach is féidir síneadh a chur leis an tréimhse ansin. Tá bailiúcháin speisialta ar áirithintí deisce ach ní bhíonn fáil orthu ach ar feadh tréimhsí gearra (e.g. uair an chloig, trí huaire an chloig nó lá amháin) agus níl cead iad a thógáil amach as an leabharlann.
Bíonn comhaltaí foirne ar gach urlár den leabharlann a chuideoidh leat agus tú i mbun cuardaigh agus tá spásanna staidéir ar gach urlár agus spásanna breise sa seomra léitheoireachta san íoslach. Cuirtear turais ar siúl ag tús na bliana acadúla a chuideoidh leat eolas a chur ar na háiseanna atá ar fáil. Cuirtear oiliúint bhreise ar ghnéithe ar leith den leabharlann ar fáil go rialta ar feadh na bliana acadúla (i.e. taighde a dhéanamh sa leabharlann agus eolas a chur ar chatalóg na leabharlainne).
Féach láithreán gréasáin na Leabharlainne chun eolas breise a fháil faoi na seirbhísí ar fad a chuirtear ar fáil do mhic léinn.
An tSeirbhís Tacaíochta Míchumais
Cuireann an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh fáilte roimh mhic léinn faoi mhíchumas agus cuirtear réimse tacaíochta ar fáil dóibh. Téigh chuig láithreán gréasáin na Seirbhíse Tacaíochta Míchumais chun tuilleadh eolais a fháil.
Tá liosta iomlán na seirbhísí atá ar fáil do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe ar fáil anseo.