-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Cúnamh le do chúrsa a roghnú
Cúnamh le do chúrsa a roghnú
Bíonn sé deacair cúrsa a roghnú scaití. Is fiú smaoineamh ar an méid seo a leanas agus rogha á déanamh agat:
- cuimhnigh ar na nithe a bhfuil suim agat iontu agus ar do chuid buanna féin
- féach ar ábhar an chúrsa agus ar an modh seachadta
- téigh i dteagmháil le riarthóir an chúrsa chun eolas breise a fháil
- conairí gairme féideartha agus riachtanais oiliúna a aithint i do chuideachta
- bíodh do rogha bunaithe ar an eolas ar fad atá ar fáil duit
Ar go leor de na cúrsaí is féidir teastas a bhaint amach i ndiaidh bliana nó dioplóma a bhaint amach i ndiaidh dhá bhliain, mar sin bíonn rogha agat an cúrsa a fhágáil (le dámhachtain acadúil) má bhíonn tú ag iarraidh cúrsa a athrú nó deireadh a chur leis an staidéar níos luaithe.
Filleadh ar chúrsaí foghlama
Mura bhfuil tú cinnte cén cúrsa le tabhairt faoi, cuireann an Ollscoil roinnt bonnchúrsaí ar fáil freisin i réimse na hEolaíochta & na Teicneolaíochta, an Ghnó agus na nDaonnachtaí. Tugann na cúrsaí seo deis duit blaiseadh a fháil de na hábhair seo ag an mbonnleibhéal ar feadh bliana.
Is maith a ullmhóidh na hábhair seo an mac léinn páirtaimseartha don saol ollscoile. I ndiaidh an bhonnchúrsa d'fhéadfá leanúint leis an staidéar ag leibhéal céime. Cuirtear Baitsiléir san Eolaíocht, Baitsiléir sa Tráchtáil agus Baitsiléir sna Dána ar fáil go páirtaimseartha. Féach liosta iomlán na gcúrsaí.
Cuir seisiún duine le duine in áirithe
Bíonn sé deacair scaití an cúrsa ceart a roghnú. Cuidíonn cruinniú duine le duine nó glao gutháin le duine dár gcomhordaitheoirí cúrsa leis an tacaíocht bhreise sin a thabhairt duit chun cabhrú leat do chinneadh deiridh a dhéanamh agus d’iarratas ar chúrsa a chomhlánú.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost nó ar an bhfón chun coinne a shocrú:
Rphost: adultlearning@universityofgalway.ie
Teil: 091 494066