An tOllamh Pól Ó Dochartaigh, MRIA

Is é an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, MRIA, an tUachtarán Ionaid agus Meabhránaí ar an Ollscoil. Is ball é d’Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile agus den Chomhairle Acadúil agus déanann sé ionadaíocht ar an Uachtarán nuair a bhíonn sé as láthair. 

Ina ról, is é Pól atá freagrach as an straitéis acadúil, go háirithe i réimse an teagaisc agus na foghlama, arduithe céime acadúla agus caighdeán acadúil. Taobh amuigh den Ollscoil, tá sé ina chathaoirleach ar Bhord na Lár-Oifige Iontrála (CAO), tá sé ina bhall de Sheanad Ollscoil na hÉireann, ina bhall de Bhord Choláiste San Aingeal, Sligeach, agus ina bhall de Bhord Bainistíochta Choláiste na Coiribe i gCathair na Gaillimhe.

Is as Béal Feirste, Co. Aontroma ó dhúchas do Phól. Tá BAanna aige sa Ghearmáinis as Caerdydd agus i nGaeilge ó Ollscoil Uladh, chomh maith le PhD i stair chultúrtha na Gearmáine agus DLitt sa Ghearmáinis, ó Ollscoil Nottingham araon.  Tá sé ina Bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann, ina Chomhalta de Chumann Ríoga na Staire, ina Chomhalta den Higher Education Academy agus ina Chomhalta den Royal Society of Arts. Is iar-Uachtarán é ar an Association for German Studies in Great Britain and Ireland (2011-14) chomh maith le bheith ina iar-Chathaoirleach ar Choiste Acadamh Ríoga na hÉireann do Nua-Theangacha (2004-9), bhí sé ina bhall de Phainéal RAE na Ríochta Aontaithe 2008 don Ghearmáinis agus de Phainéal REF 2014 do Nua-Theangacha.

Is Scoláire Gearmáinise é a bhfuil a chuid oibre sa litríocht agus sa stair tumtha i dtriantán a chlúdaíonn an Ghearmáin-na Giúdaigh-Éire, d'oibrigh Pól ar oidhreacht an Uileloiscthe sa stair agus sa litríocht, an bhaint a bhí ag an nGearmáin leis an Léann Ceilteach agus, níos déanaí, ar Ghiúdaigh i litríocht agus stair na hÉireann.  Tá cúig mhonagraf foilsithe aige, lena n-áirítear The Portrayal of Jews in GDR Prose Fiction (Amstardam 1997), Julius Pokorny, 1887-1970: Germans Celts and Nationalism (Baile Átha Cliath 2003) agus Germans and Jews since the Holocaust (Basingstoke 2015), chomh maith le sé imleabhar agus dhá scór alt agus caibidil. 

Tá sé pósta le Geraldine agus tá cúpla acu, Róise agus Treasa. Seachas an teaghlach, tá an-dúil aige sa cheol, iománaíocht, ficsean nua-aimseartha agus taisteal.