Fáilte

Fáilte

chuig leathanach baile na Mac Léinn Lánfhásta

Cuireann mic léinn lánfhásta go mór leis an gcampas lena gcuid taithí luachmhar saoil. Is cuid lárnach de phobal OÉ Gaillimh iad. Tá mic Léinn lánfhásta sna disciplíní uile, ar chláir go leor ag gach leibhéal.

Níos mó eolais

Seisiún Eolais do Mhic Léinn Lánfhásta, Dé Céadaoin, an 17 Eanáir - 5.30pm go dtí 8.00pm

Cliceáil anseo chun breis eolais a fháil ar an imeacht

Is féidir le mic léinn lánfhásta eispéireas speisialta a fháil ach a dtiocfaidh siad chun na hOllscoile agus a dtabharfaidh siad faoi cháilíocht tríú leibhéal chomh maith le blaiseadh a fháil de shaol na hOllscoile.  Is iomaí buntáiste a bhaineann le filleadh ar an oideachas lena n-áirítear do chuid deiseanna fostaíochta a fheabhsú agus do chuid spéiseanna intleachtúla a fhorbairt.  Cuireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh fáilte roimh mhic léinn ar mian leo filleadh ar oideachas foirmiúil ar chúiseanna pearsanta nó gairmiúla agus cuirtear réimse leathan cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha agus seirbhísí ar fáil a chuirfidh ar a gcumas na spriocanna atá acu a bhaint amach.

Tá eolas le fáil sna leathanaigh seo a leanas maidir le hiarratas a dhéanamh mar mhac léinn lánfhásta, na cúrsaí céime ar féidir cur isteach orthu, na critéir iontrála, nósanna imeachta measúnaithe agus eolas riachtanach ar chúrsaí airgeadais agus tacaíochtaí. 


Eispéireas na Mac Léinn Lánfhásta

Owen Ward - Céimí sna Dána

Is as Gaillimh mé, agus chríochnaigh mé an Cúrsa Rochtana do Mhic Léinn Lánfhásta in OÉ Gaillimh sa bhliain 2010. Ar chríoch an chúrsa pháirtaimseartha seo, thug mé faoi chéim lánaimseartha sna Dána le Cearta an Duine san Ollscoil. Táim díreach tar éis mo bhliain deiridh a chríochnú agus táim chun tabhairt faoi MA sa Stair anois. Mar mhac léinn lánfhásta fuair mé an deis bheith i mbun Chumann na Mac Léinn Lánfhásta ar feadh roinnt blianta agus chuidigh mé le bunú Ghrúpa Brasov na Gaillimhe, agus táimid ag bailiú airgid agus ag cur leis an bhfeasacht i dtaca le páistí atá faoi mhíbhuntáiste sa Rómáin i láthair na huaire. Mar mhac léinn lánfhásta tá níos mó muiníne agam agus tá tréithe acadúla go leor forbartha agam a mbainfidh mé úsáid astu go rialta agus mé i mbun staidéir ar mo Mháistreacht.


Carmen Filioreanu - Mac léinn sa Dlí Corparáideach

Is as an Rómáin ó dhúchas dom, bhí suim agam i gcónaí sa dlí go háirithe an chaoi ar oibrigh sé i gcúrsaí gnó. Mhol cara dom tabhairt faoin mBonnchúrsa Dioplóma sa Ghnó agus chuir mé tús leis sa bhliain 2013. D’fhoghlaim mé an oiread ar an gcúrsa lena n-áirítear eacnamaíocht agus cuntasaíocht. Casadh teagascóirí den scoth orm a thug cúnamh dom ullmhú chun dul ar aghaidh agus céim sa Dlí Corparáideach a dhéanamh.  Tá áthas an domhain orm go bhfuil tús curtha agam leis an gcéad bhliain den chéim sa Dlí Corparáideach in OÉ Gaillimh anois. Go dtí seo chuir mé aithne ar chomh-mhic léinn lánfhásta agus airím go bhfuilim réidh do na trí bliana staidéir atá romham.


Jarek Jakubowicz - Mac léinn Innealtóireachta

Bhog mé ón bPolainn cúpla bliain ó shin nuair a chríochnaigh mé mo dhioplóma ardscoile. Ní raibh deis agam dul ar an Ollscoil nuair a bhí mé níos óige. D’oibrigh mé in earnáil na tógála ar feadh blianta agus bhí an-suim agam i gcéim lánaimseartha san Innealtóireacht Leictreach agus Leictreonach in OÉ Gaillimh. Theastaigh matamaitic agus eolaíocht uaim le tabhairt faoin gcéim seo agus dá bhrí sin chláraigh mé ar an Dioplóma sa Bhonnstaidéar san Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht sa bhliain 2013. Bhí an-áthas orm gráid chomh hard sin a fháil ar an gcúrsa a chuidigh liom dul ar aghaidh agus an chéad bhliain mar mhac léinn innealtóireachta a chur i gcrích in OÉ Gaillimh, cúrsa a thaitníonn go mór liom.