Tá Áras Mháirtín Uí Chadhain ar cheann de na hionaid Ghaeltachta atá ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus é ag feidhmiú ó 1977 ag soláthar cúrsaí Gaeilge ó chúrsaí deireadh seachtaine go cúrsaí míosa do mhic léinn tríú leibhéal, do dhaoine fásta agus do shainghrúpaí ó chian agus ó chóngar ó shin i leith.

Ainmníodh an tIonad in ómós Mháirtín Uí Chadhain, duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge, a raibh a chroí agus a anam sa Ghaeltacht.

Déantar freastal ar mhic léinn lánaimseartha agus páirtaimseartha san Ionad, agus cuirtear raon leathan cúrsaí ar fáil ag gach leibhéal, ar a n-áirítear tosaitheoirí, feabhsaitheoirí agus ardfhoghlaimeoirí, chomh maith le mic léinn atá i mbun staidéir ag leibhéal 6, 7, 8 agus 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Tá scoth na n-áiseanna teagaisc san Ionad: seomraí ranga ilchuspóireacha, ríomhlanna nua-aimseartha, leabharlann, seomraí iarléirithe teilifíse agus eagarthóireachta mar aon le stiúideo raidió. Soláthraítear deiseanna oideachais den dara seans san Ionad trí chúrsa rochtana agus cúrsa i scileanna ríomhaireachta.

Ionad an Acadaimh, an Cheathrú Rua - Treoracha


Ionad an Acadaimh, an Cheathrú Rua - Turas 360°

Teagmháil

Teagmháil

Ionad an Acadaimh, an Cheathrú Rua

An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, Éire. T: +353 (0)91 494600

R: ancheathrurua@oegaillimh.ie